Nuair a thosaigh ráig an choróinvíris i mí an Mhárta cuireadh seirbhísí eile ar nós tástálacha ailse ceirbheacs, brollaigh agus putóige ar fionraí. Tá líon na ndaoine atá ag fanacht leis na tástálacha méadaithe go mór dá bharr. 

Bhí sé mar sprioc go ndéanfaí 90,000 tástáil ailse brollaigh i mbliana ach suas go Meitheamh os cionn 38,000 a bhí déanta.

Bhí sé i gceist 138,000 tástáil ailse ceirbheacs a dhéanamh, ach níl déanta ach 71% faoi láthair.

Beagnach 65,000 duine a bhí ag fanacht le tástáil ailse putóige i mbliana, ach tá 66% acu sin atá fós gan déanamh.

Deir an Dr Mary Regan, dochtúir teaghlaigh i nGaillimh, go bhfuil imní ar othair tástáil a dhéanamh anois mar gheall ar Covid-19 ach go bhfuil géarghá na seirbhísí iomlána a chur ar fáil arís.

Tá sé tugtha le fios Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte go mbeidh na seirbhísí ar fad ar ais roimh dheireadh na míosa seo chugainn. 

Dar leis an Teachta Dála Neamhspleách Catherine Connolly nach bhfuil sé ceart nach mbeadh seirbhísí ailse ar fáil mar go bhfuil imní ar na hothair seo cheana féin agus go bhfuiltear ag cur lena bhfulaingt.

Deir an Teachta Connolly go gcuirfidh sí ceist ar an Aire Sláinte Stephen Donnelly faoin scéal sa Dáil an tseachtain seo.

Beidh tuilleadh faoin scéal seo ar 7Lá ar TG4 ag 8 a chlog anocht.