Tugadh ógánach sé bliana déag d'aois os comhair Chúirt na Leanaí inniu agus é cúisithe i ndúnmharú fir os cionn dhá scór bliain d'aois i gCill Mhaighneann i mBaile Átha Cliath go moch ar maidin inné.

Deirtear gur bhásaigh an fear nuair a tugadh drochbhualadh dó i lána ar Bhóthar Madison ag thart ar 1.30 ar maidin inné.

Tuigtear gur eachtrannach a bhí ann agus nach raibh aon áit chónaithe aige. Níl sé aitheanta ag na Gardaí fós, áfach. 

Dúirt abcóide an chúisí sa chúirt inniu go bhfuil imní mhór air faoi mheabhairshláinte a chliaint agus d'ordaigh an breitheamh measúnú síciatrach agus leighis a dhéanamh ar an mbuachaill.  

Cuireadh an déagóir siar faoi choinneáil in ionad Bhaile an Oibricigh agus tabharfar os comhair cúirte arís é an tseachtain seo chugainn.