Maraíodh fear os cionn leathchéad bliain d'aois i dtionóisc bhóthair i Maigh Cuilinn, Co na Gaillimhe, aréir.

Bhí an fear ag tiomáint gluaisteáin a d'imigh den bhóthar i nGort an Chalaidh, in aice le Tulach Uí Chadhain, ag thart ar a 10 a chlog aréir.

Deir na Gardaí nach raibh aon fheithicil eile bainteach leis an timpiste.

Bhásaigh an fear ar an láthair. 

Tá bóthar an L1313 dúnta ar maidin agus scrúdú teicniúil á dhéanamh air ag saineolaithe na nGardaí.