Tá PríomhAire na Breataine ag cur i leith an Aontais Eorpaigh go dtiocfadh deacrachtaí tarlú le haistriú bia agus earraí talmhaíochta sa Ríocht Aontaithe mar gheall ar a seasamh i gcás Phrótacal Thuaisceart Éireann.

Dúirt Boris Johnson an méid seo agus tús a chur aige le díospóireacht faoi Bhille an Mhargaigh Inmheánaigh tráthnóna.

Tá Bille an Mhargaigh Inmheánaigh cáinte go láidir ag polaiteoirí san Aontas Eorpach mar go mbriseadh sé dlí idirnáisiúnta tríd an chomhaontú aistharraingte a shárú.

Tá an tAontas Eorpach ag iarraidh ar an Bhreatain an bille a chaitheadh i dtraipéisí.

Beidh feisirí i dTeach na dTeachtaí ag vótáil faoinar cheart ligean don bhille dul chun tosaigh go dtí an chéad chéim eile.

Tá móramh 80 feisirí ag Boris Johnson i dTeach na dTeachtaí ach tá roinnt ina pháirtí míshásta leis an bhille.