Fógraíodh 208 cás nua de Covid-19 inniu agus níor bhásaigh aon duine leis an víreas le lá anuas sa stát.

I dTuaisceart Éireann, tuairiscíodh 109 cás nua inniu agus bhásaigh beirt duine eile leis an víreas ansin.

Tá 16 othar leis an choróinvíreas in ospidéil i dTuaisceart Éireann agus tá beirt acu siúd in aonaid dianchúraim.

Deimhníodh 31,193 cás den víreas i bPoblacht na hÉireann agus 8,423 cás den víreas i dTuaisceart Éireann go dtí seo.

an tréimhse ama ar ghá do dhaoine le Covid-19 féinleithlisiú sa stát laghdaithe go 10 lá ó 14 lá.

Amárach, foilseofar plean meántéarma an rialtais chun dul i ngleic leis an víreas sa chéad sé/naoi mí eile.

Tá seans ann go gcuirfear Baile Átha Cliath ar leibhéal níos airde den phlean meántéarma amárach le hais áiteanna eile sa tír mar gheall ar scáipeadh an víris sa phríomhchathair.