Tá buachaill 16 bliain d'aois á cheistiú ag Gardaí faoi ionsaí inar maraíodh fear gan dídean i mBaile Átha Cliath ar maidin.

Ionsaíodh an fear a bhí sna daichidí agus goideadh a fhón póca ar bhóithrín in aice le hAscaill Madison, Cill Mhaighneann roimh 1.30am.

Bhain gortaithe marfacha don fhear le linn an ionsaithe agus bhásaigh sé ar an láthair.

Bhí roinnt déagóirí sa cheantar ag am an ionsaithe; cuireadh Gardaí ar an eolas faoin ionsaí agus gabhadh an buachaill.

Tá láthair na heachtra caomhnaithe ag Gardaí le scrúdú dlí-eolaíochta a dhéanamh.

Déanfar scrúdú iarbháis ar chorp an fhir inniu.

Tá an buachaill á cheistiú ag Stáisiún Gardaí Sráid Chaomháin agus is féidir é a choinneáil ar feadh 24 uair a chloig.

Tá achainí déanta ag Gardaí ar aon duine a bhfuil eolas acu faoin eachtra dul i dteagmháil leo ag 01-666 9400 nó trí líne rúnda 1800 666 111.