skip to main content

Beirt de bhuíon coiriúlachta Kinahan curtha go príosún

Naonúr ó bhuíon coiriúlachta Kinahan atá i bpríosún as iarracht a dhéanamh Patrick Hutch a dhúnmharú.
Naonúr ó bhuíon coiriúlachta Kinahan atá i bpríosún as iarracht a dhéanamh Patrick Hutch a dhúnmharú.

Gearradh téarma príosúin ar bheirt fhear ón bhuíon coiriúlachta Kinahan as a gcuid iarrachtaí Patrick Hutch a dhúnmharú breis agus dhá bhliain go leith ó shin i mBaile Átha Cliath.

Gearradh téarma príosúin deich mbliana ar Patrick Curtis (38) ó Phlás Seville agus gearradh téarma príosún seach mbliana go leith ar Mohammed Smew (27) as Bóthar na Seanabhann faoina bpáirt sa phlean le Patrick Hutch a mharú in Márta, 2018.

Naonúr atá curtha go príosún as iarracht a dhéanamh Patrick Hutch a mharú.
Naonúr atá curtha go príosún as iarracht a dhéanamh Patrick Hutch a mharú.

Dúirt an Breitheamh Tony Hunt go raibh an bheirt fhear mar chuid de fho-aonad i mbuíon coiriúlachta Kinahan a bunaíodh le Patrick Hutch a mharú.

Bhí sé socraithe ag an fho-aonad coiriúlachta go raibh Patrick Hutch le mealladh óna theach, go raibh sé le scaoileadh i gcarrchlós faoi thalamh ar Shráid Ghairdinéir. Bhí na gunnadóirí le héalú go dtí an Phort Thoir, a ngluaisteán éalaithe a dhó, dul trí thollán coisithe, áit a mbeadh carr ag fanacht orthu.

Fágann breithiúnas na Cúirte Coiriúlachta Speisialta go bhfuil naonúr ó bhuíon coiriúlachta Kinahan i bpríosún as iarracht a dhéanamh Patrick Hutch a dhúnmharú.

Maraíodh 18 san aighneas idir an dhá bhuíon coiriúlachta go dtí seo.