Tá Ronan Hughes, 40 bliain as Tigh Thaláin i gContae Mhuineacháin tar éis pléadáil ciontach san Old Bailey i Londain i ndúnorgan 39 imirceach i mí Dheireadh Fómhair seo caite.
Thangthas ar choirp na n-imirceach as Vítneam i leoraí in Essex Shasana ar an 23 Deireadh Fómhair anuraidh.
Dúradh go mba brioscaí a bhí á n-iompar ag an leoraí. Dúradh sa chúirt gur easpa ocsaigíne a ba chúis le bás na n-imirceach.
I measc na mban, na bhfear agus na leanaí, bhí 10 déagóir, san áireamh beirt bhuachaillí 15 mbliana d'aois.
Tá Ronan Hughes i measc roinnt fear a bhfuil sé curtha ina leith go raibh siad páirteach i smuigleáil daoine.