Tá beirt ban óga a bhí ar iarraidh i gCuan na Gaillimhe ó aréir faighte ina mbeatha. Iascairí áitiúla a tháinig ar an mbeirt chol ceathrar, Ellen Glynn agus Sara Feeney, agus greim acu ar bhaoi a bhí ceangailte de phota gliomaigh. 

Chuaigh an bheirt, atá 17 agus 23 bliain d'aois, san fharraige ar chláir bheaga toinne amach ó thrá na bhForbacha ag 9.30 aréir. Bhí éide snámha agus baoithe tarrthála á gcaitheamh acu. 

Cuireadh fios ar na seirbhísí éigeandála leathuair a chloig ina dhiaidh sin nuair nár tháinig an bheirt i dtír agus chuathas i mbun cuardaigh láithreach. Ní fhacthas aon radharc orthu, áfach. 

Chuaigh ceithre bhád tarrthála, héileacaptar an Gharda Cósta agus iascairí na háite i mbun cuardaigh arís ar maidin. Bhí Gardaí, comhaltaí den Gharda Cósta agus daoine áitiúla i mbun cuardaigh ar an gcladach freisin.

Patrick agus Morgan Oliver

Tuigtear gur tháinig na hiascairí - Patrick Oliver agus a mhac Morgan - ar an dís bhan san fharraige 17 míle ó thrá na bhForbacha agus dhá mhíle ó dheas ó Inis Oírr ag thart ar mheánlae. Bhí 15 uair an chloig caite acu san uisce.

Tá cóir leighis á cur ar Ellen agus Sara in Ospidéal na hOllscoile i nGaillimh agus deirtear go bhfuil siad go maith.

Is as Bóthar na Ceapaí i gCnoc na Cathrach i nGaillimh an bheirt.