Bhí cruinniú ag an Taoiseach Micheál Martin le Príomh-Aire na Breataine Boris Johnson i gCo an Dúin inniu, an chéad uair a raibh siad ar aghaidh a chéile ag cruinniú ó ceapadh Micheál Martin in Thaoiseach.

Chas siad ar a chéile i gCaisleán Chromghlinne tar éis don Phríomh-Aire Johnson cruinniú a bheith aige le Céad-Aire agus LeasChéad-Aire an Tuaiscirt, Arlene Foster agus Michelle O'Neill.

Cúrsaí Covid-19 an príomhábhar cainte a bhí ag an mbeirt fhear, agus phléigh siad freisin imeacht na Breataine as an Aontas Eopach agus an idirbheartaíocht atá fós ar bun idir an Bhreatain agus an tAontas.

Dúirt an Taoiseach go raibh an-dul chun cinn déanta le 30 bliain sa chaidreamh idir Éire agus an Bhreatain agus gur mhian leis an mbeirt cheannairí é sin a chaomhnú. 

Thug Michelle O'Neill le fios gur phléigh sí cúrsaí eacnamaíochta i bhfianaise Covid-19 le Boris Johnson agus gur gheall sé €2.2 billiún breise d'fheidhmeannas an Tuaiscirt i mbliana chun dul i ngleic leis an ngalar.