Sádh agus maraíodh fear i gCluain Tarbh i mBaile Átha Cliath ar maidin.

Deir na Gardaí gur sádh an fear in ionad tacaíochta i gceantar Bhóthar San Labhrás ag thart ar 7.15 ar maidin. 

Deir siad gur bhásaigh an fear, a bhí os cionn 20 bliain d'aois, ar an láthair. 

Tá fear os cionn 20 bliain gafa agus á cheistiú ag na Gardaí i stáisiún Chluain Tarbh.

Tá roinnt daoine ina gcónaí san ionad tacaíochta agus tá lóistín eile curtha ar fáil dóibh fad is atá fiosrúcháin ar bun ag na Gardaí.