Tá ionadaithe ó Chónaidhm Thionscal na Feola ag teacht os comhair Choiste Covid-19 an Oireachtais inniu.

Mhaígh cathaoirleach an choiste, an Teachta Dála Neamhspleách Michael McNamara, nár caitheadh mar a chéile riamh leis an tionscal feola sa tír seo agus a chaitear le hearnálacha eile agus gur ligeadh roinnt mhaith scóid le lucht feola.

Dúirt sé freisin go bhfuil sé ag iarraidh ar na hionadaithe inseacht don choiste an bhfuil aon cheo athraithe sna monarchana ó bhí siad os comhair an choiste cheana an mhí seo caite, agus an bhfuil tuilleadh rialacha sláinte agus sábháilteachta á gcur i bhfeidhm iontu. 

Tuigtear go ndéanfaidh an Chónaidhm cosaint ar an gcaoi a ndeachaigh na monarchana próiseála feola i ngleic le géarchéim an choróinvíris go dtí seo.

Tá siad den bharúil gur caitheadh an iomarca ama ag gearán agus gur leagadh an iomarca milleáin orthusan in áit iarracht dhéanamh cosc a chur ar scaipeadh an víris i leithéidí monarchana feola.

Tiocfaidh ionadaithe ón Roinn Talmhaíochta, ón Údáras Sláinte agus Sábháilteachta agus ó na ceardchumainn os comhair an choiste freisin.