Tá meánráta forleithne an ghalair Covid-19 sa tír seo ardaithe beagán ón Luan seo caite. 

Tá an galar tolgtha ag 17.8 duine as gach 100,000 le coicís, de réir na bhfigiúirí is deireanaí ón Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú. Sin ardú ó 16.9 le dhá lá.

Déantar an ráta a mheas ar bhonn coicísiúil.

Tá an ráta forleithne sa tír seo níos ísle ná an Bhreatain, mar a bhfuil an galar tolgtha ag 18.3 duine as gach 100,000. Sin ardú ó 16.5 in imeacht dhá lá.

Tá an ráta ardaithe i roinnt tíortha eile san Eoraip chomh maith - an Ghearmáin agus an Spáinn ina measc.

14 duine as gach 100,000 is ea an ráta sa Ghearmáin, 93.7  sa Spáinn agus 61.6 i Málta.