D'fhógair an Roinn Sláinte tráthnóna go bhfuil duine eile básaithe leis an ngalar Covid-19 sa Stát agus go bhfuil 40 cás breise ann.

Fágann seo go bhfuil 1,774 duine básaithe leis an ngalar i bPoblacht na hÉireann ó thosaigh an phaindéim agus go bhfuil sé tolgtha ag 26,838 duine. 

I mBaile Átha Cliath atá dhá cheann déag den 40 cás nua, tá aon chás déag i gCill Dara, seacht gcinn in Uíbh Fhailí agus tá an chuid eile roinnte idir Cill Mhantáin, Co an Chláir, Dún na nGall, Luimneach, an Mhí, Ros Comáin agus Tiobraid Árann. 

Tá sé deimhnithe go bhfuil baint ag naoi gcinn déag de na cásanna nua le duine nó le daoine eile a bhfuil Covid-19 orthu cheana féin, agus gur sa phobal a tholg trí dhuine dhéag an galar. Níor tugadh aon eolas faoin ocht gcás eile.

Dearbhaíodh inniu chomh maith nár taifeadadh aon duine eile a bheith básaithe de bharr Covid-19 sa Tuaisceart ó inné ach go bhfuil 29 cás nua den ghalar ann. 

Tá 557 duine básaithe le Covid-19 ó thuaidh agus tá sé tolgtha ag 6,217 duine ann.