Tá fear as deisceart Ard Mhacha ciontaithe i ndúnmharú Garda le linn robála i gCo Lú seacht mbliana go leith ó shin.

Sa Phríomh-Chúirt Choiriúil, ciontaíodh Aaron Brady, 29 bliain d'aois, as Crois Mhic Lionnáin, i ndúnmharú an Bhleachtaire-Gharda Adrian Donohoe a lámhachadh taobh amuigh de Chomhar Creidmheasa an Tiarnais i mBaile na Lorgan, Co Lú, ar 25 Eanáir 2013. 

Aon duine dhéag den dáréag giúróirí a chinn go raibh sé ciontach sa dúnmharú, tar éis dóibh 20 uair an chloig a chaitheamh ag plé na cúise. 

Arú inné, ciontaíodh Aaron Brady i luach €7,000 - idir airgead tirim agus sheiceanna - a robáil ó oibrí sa chomhar creidmheasa an oíche chéanna a maraíodh an Garda Donohoe. 

Phléadáil sé neamhchiontach sa dá chúis a bhí curtha ina leith agus mhaígh sé go raibh sé sciúradh díosail i ndeisceart Ard Mhacha an oíche úd. 

Adrian Donohoe agus a bhean chéile Caroline

Mhaígh Aaron Brady freisin go raibh feachtas ina aghaidh ar bun ag na meáin chumarsáide agus ag na Gardaí araon.

Shéan sé chomh maith go ndúirt sé le beirt fhinnéithe go raibh Garda maraithe aige.

Is i ndúnmharú breithe báis a ciontaíodh Aaron Brady cé gur cuireadh pionóis an bháis ar ceal i ndlí reachtach an Stáit 30 bliain ó shin.

De réir an dlí, níl aon rogha ach príosún saoil a ghearradh ar Aaron Brady agus ní mór don bhreitheamh a ordú go gcaithfeadh sé 40 bliain ar a laghad sa phríosún.  

Tabharfar Aaron Brady os comhair cúirte arís Dé Céadaoin 14 Deireadh Fómhair, tráth a éistfear le ráitis tionchair íospartaigh.