Deir Met Éireann go mbeidh an teocht chomh hard le 27 céim in áiteanna sa tír inniu. 

Ar chósta an iarthuaiscirt, áfach, ní bhainfidh an teocht ach naoi gcéim déag amach. Beidh sé meirbh ansin ina dhiaidh sin féin.

Titfidh ceathanna toirniúla báistí anocht, i gCúige Laighean agus i gCúige Mumhan den chuid is mó. 

Beidh sé meirbh arís agus idir dhá chéim déag agus seacht gcéim déag a bheas an teocht is ísle. 

Mairfidh an teocht ard cúpla lá ach beidh sé scamallach agus ceathach freisin. 

Is féidir go mbeidh an teocht in áiteanna i Sasana chomh hard le 31 céim inniu, dar le lucht meitéareolaíochta thall. 

Ina choinne sin, beidh báisteach throm thoirniúil in áiteanna i Sasana agus in Albain. D'fhéadfadh 60 mm báistí titim in imeacht uair an chloig i gcuid de na háiteanna sin, a deirtear.