Tá an Fhoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí tagtha le chéile inniu chun athbhreithniú a dhéanamh ar an bhfaisnéis is deireanaí maidir le leathadh an ghalair Covid-19 in Éirinn.

Dúirt an tAire Sláinte Stephen Donnelly go bhfuiltear ag cuimhneamh ar chóras dathchódaithe a thabhairt isteach feasta mar chuid den phlean náisiúnta chun dul i ngleic leis an ngalar sa tír seo. 

D'fhógair an Taoiseach Micheál Martin go gcuirfidh an Rialtas tús an tseachtain seo chugainn le plean náisiúnta gníomhaíochta a mhairfeas dhá nó trí ráithe.

Thug an Taoiseach le fios gurb í aidhm an phlean aghaidh a thabhairt ar ghnéithe éagsúla den ghéarchéim sláinte de réir mar a thiocfas siad chun cinn. 

Léiríonn figiúirí a d'fhoilsigh na húdaráis sláinte aréir go bhfuil laghdú ar an líon othar Covid-19 atá sna hospidéil agus sna haonaid dianchúraim.

Dheimhnigh an Roinn Sláinte tráthnóna inné gur bhásaigh duine eile leis an ngalar ón lá roimhe sin agus go raibh 35 cás nua ann. Sin an líon is ísle ar aon lá le coicís.