Leanfaidh an giúiré i dtriail Aaron Brady orthu ag déanamh a machnaimh ar an gcúis dúnmharaithe atá curtha ina leith amárach.

Tá Aaron Brady, 29 bliain d'aois, as deisceart Ard Mhacha, cúisithe i ndúnmharú an Bhleachtaire-Gharda Adrian Donohoe a lámhachadh taobh amuigh de chomhar creidmheasa i gCo Lú seacht mbliana go leith ó shin. Phléadáil sé neamhchiontach. 

Chuaigh an giúiré i mbun a machnaimh ar maidin, agus dúirt an Breitheamh Michael White leo ag 3 a chlog tráthnóna dul abhaile agus tosú arís ag 9 a chlog maidin amárach. 

Inné, chiontaigh an giúiré Aaron Brady i suim airgid a robáil taobh amuigh den chomhar creidmheasa i mBaile na Lorgan, Co Lú, an oíche chéanna ar maraíodh an Garda Donohoe.