Tá fear 26 bliain d'aois gafa ag na Gardaí tar éis dóibh roinnt áiteanna a chuardach i gceantar an Náis i gCo Chill Dara ar maidin. 

Cuardaíodh dhá áras cónaithe agus garáiste tráchtála tar éis do Ghardaí luach €65,000 de dhrugaí agus €50,000 in airgead tirim a aimsiú i mbloc árasán sa Nás Dé Sathairn seo caite.

Idir chócaon agus channabas luibhe a aimsíodh ar an Satharn. 

Fuarthas méid beag cannabais inniu freisin agus na Gardaí i mbun cuardaigh. 

Tá an fear a gabhadh inniu á cheistiú i Stáisiún Gardaí an Náis.