Dhearbhaigh an Roinn Sláinte tráthnóna go bhfuil duine eile básaithe leis an ngalar Covid-19 sa Stát agus go bhfuil 35 cás nua ann.

Fágann seo go bhfuil 1,773 duine básaithe leis an ngalar i bPoblacht na hÉireann ó thosaigh an phaindéim agus go bhfuil sé tolgtha ag 26,801 duine. 

I gCeatharlach atá sé cinn den 35 cás nua, tá cúig cinn i gCo an Chláir agus tá an chuid eile roinnte idir Baile Átha Cliath, Cill Dara, Corcaigh, Dún na nGall, Laois, Loch Garman, Luimneach, an Mhí, Tiobraid Árann agus Uíbh Fhailí.

Tá sé deimhnithe go bhfuil baint ag 24 de na cásanna nua le duine nó le daoine eile a bhfuil Covid-19 orthu cheana féin, agus gur sa phobal a tholg ceathrar an galar. Níor tugadh aon eolas faoin seacht gcás eile. 

Fógraíodh inniu chomh maith nár taifeadadh aon duine eile a bheith básaithe de bharr Covid-19 sa Tuaisceart ó inné ach go bhfuil 48 cás nua den ghalar ann. 

Tá 557 duine básaithe le Covid-19 ó thuaidh agus tá sé tolgtha ag 6,188 duine ann.