Tá sé ráite ag an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte nach bhféadfaí glacadh le vacsaín nua Covid-19 a mhaíonn Rialtas na Rúise atá táirgthe ag eolaithe sa tír gan iniúchadh grinn a dhéanamh i dtosach ar an bhfaisnéis a bhaineann leis. 

Dúirt Uachtarán na Rúise Vladimir Putin gurb í an chéad tír ar domhan í a bhfuil vacsaín táirgthe aici agus go dtugann an cógas leighis nua seo "imdhíonacht inbhuanaithe" ar an gcoróinvíreas do dhaoine.

Thug sé le fios freisin go raibh an vacsaín faighte ag a inion féin. 

Dúirt urlabhraí ón Eagraíocht Dhomhanda Sláinte go bhfuil siad i mbun cainteanna leis na Rúisigh faoin vacsaín nua ach go gcaithfí an fhaisnéis ar fad a fhéachaint go grinn sula gceadófaí é a chur ar fáil ar an margadh idirnáisiúnta. 

Tá taighdeoirí ar fud an domhain ag iarraidh teacht ar vacsaín chun cur in aghaidh an choróinvíris ó thús na bliana. 

Tá 26 ábhar vacsaíne á dtástáil ar dhaoine faoi láthair agus ta sé cinn eile tugtha ar aghaidh go dtí an chéad chéim eile sa phróiseas.