Galar croí an bhunaicíd is coitianta a bhíonn ar dhaoine a bhfuil Covid-19 orthu, de réir an eolais is deireanaí ón Ionad Faire Cosanta Sláinte. 

Deir an tIonad gur scrúdaíodh 20,221 cás den choróinvíreas agus go raibh bunghalar éigin i gceist i gcás 51% díobh. 

Galar ainsealach croí a bhí ar 13.4%, galar ainsealach riospráide a bhí ar 10.3%, hipirtheannas ar 6.7% agus diaibéiteas ar 6%.

Scrúdaíodh freisin na bundonachtaí a bhí ag dul do 1,468 duine a fuair bás le Covid-19. 

Deimhníodh sna cásanna sin go raibh galar ainsealach croí ar 43.6% díobh, galar ainsealach néareolaíoch ar 34.3%, galar ainsealach riospráide ar 17.6%, hipirtheannas ar 16.3% agus ailse nó urchóideacht ar 15.7%.