Dhearbhaigh an Roinn Sláinte tráthnóna go bhfuil ceathrar eile básaithe leis an ngalar Covid-19 sa Stát agus go bhfuil 98 cás nua ann.

Fágann seo go bhfuil 1,772 duine básaithe leis an ngalar i bPoblacht na hÉireann ó thosaigh an phaindéim agus go bhfuil sé tolgtha ag 26,470 duine. 

I gCill Dara atá 35 den 98 cás nua, tá 26 in Uíbh Fhailí, sé cinn i Loch Garman, cúig cinn i Laois, cúig cinn i mBaile Átha Cliath agus i ndeich gcontae éagsúla atá an chuid eile. 

As na cásanna nua, is fir iad 57 acu agus is mná iad 38 acu. Níor tugadh aon eolas faoin triúr eile. Tá 68% díobh faoi bhun 45 bliain d'aois.

Níos túisce, fógraíodh nár taifeadadh aon duine a bheith básaithe de bharr Covid-19 sa Tuaisceart ó inné. Tugadh le fios, áfach, go bhfuil 15 cás nua den ghalar ann.

Tá 556 duine básaithe le Covid-19 ó thuaidh agus tá sé tolgtha ag 6,064 duine ann.