Dúirt an saineolaí ar ghalair thógálacha an tOllamh Paddy Mallon go bhfuil an earnáil próiseála feola agus bia ar cheann de na hearnálacha a bhfuil go leor cásanna den ghalar Covid-19 iontu agus go gcaithfear fáil amach cén fáth. 

Ag labhairt dó ar RTÉ, dúirt an tOllamh Mallon go bhfuil socruithe déanta ag na comhlachtaí iad féin féachaint le forleathadh na haicíde a chosc ach go bhfuil sé fós ag tarlú ainneoin na n-iarrachtaí sin.  

Thug sé le fios go bhfuil an tír seo ag tráth cinniúnach sna hiarrachtaí atáthar a dhéanamh le dul i ngleic leis an gcoróinvíreas agus nár mhór don phobal a bheith ar a n-aireachas leis an aicíd a chur faoi chois. 

Tá sé fíorthábhachtach, a dúirt sé, go bhfaigheadh daoine tástáil má deirtear leo é agus gan a bheith ag moilleadóireacht.

Is ábhar imní é, a dúirt an tOllamh Mallon, nach mbíonn comharthaí sóirt an víris ar roinnt daoine a tholgann é agus go bhféadfadh an dream seo a bheith á scaipeadh i ngan fhios dóibh féin.