Dúirt ball sinsearach den Pháirtí Daonlathach sna Stáit Aontaithe gur "cara de chuid na hÉireann" a bheas in iarrthóir uachtaránachta an pháirtí Joe Biden má thoghtar é faoi Shamhain. 

Ag slógadh ar líne do Ghaeil Mheiriceá, mhaígh an feisire Brendan Boyle go raibh socruithe síochána agus ceartais in Éirinn i mbaol de bharr imeacht na Breataine as an Aontas Eorpach. 

Ar ámharaí an tsaoil, a dúirt sé, tá neart comhghuaillithe ag muintir na hÉireann i Washington. Ní duine de na comhghuaillithe sin, áfach, an té atá sa Teach Bán faoi láthair, a mhaígh sé. 

Thug Brendan Boyle le fios go dtacaíonn Joe Biden le Comhaontú Aoine an Chéasta agus nach bhfuil sé dall ar an tionchar a bheas ag imeacht na Breataine as an Aontas ar Éirinn.

Tá sé ráite ag Uachtarán Mheiriceá Donald Trump roimhe seo go dtacaíonn sé féin leis an bpróiseas síochána sa Tuaisceart chomh maith.

Labhraíonn Joe Biden go minic ar an mbaint atá aige le hÉirinn. B'as Lú agus Maigh Eo cuid dá shinsear.