Níl sé curtha as an áireamh ag an bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí nach bhféadfaí srianta sóisialta a chur ar bpobal i gCill Dara, i Laois agus in Uíbh Fhailí mar gheall ar ráigeanna den ghalar Covid-19  sna contaetha sin.

Tá Príomhoifigeach Gníomhach Leighis na Roinne Sláinte, an Dr Rónán Glynn, ag moladh do dhaoine sna háiteanna sin a bheith san airdeall ar chomharthaí sóirt an víris.

Tá sé ag moladh freisin do dhaoine os cionn 70 bliain agus do dhaoine a bhfuil deacrachtaí sláinte acu srian a chur ar an méid daoine a gcasann siad orthu agus gan taisteal ar na seirbhísí iompair phoiblí má fhéadann siad é.

Tá 226 cás den ghalar idir na trí chontae sin i gCúige Laighean le coicís, sin beagnach leath na gcásanna a fad a bhí sa tír.

Gheobhaidh 42 de na hoibrithe i monarcha an chomhlachta O'Brien Fine Foods i dTigh Mochua i gCo Laoise torthaí inniu ar thástálacha a rinneadh orthu don ghalar.

Dhún an mhonarcha inné nuair a fuarthas amach go raibh Covid-19 tolgtha ag 80 den 243 oibrí atá san áit.

Dúirt an Dr Darach Ó Ciardha, duine de bhunaitheoirí córais rianaithe Covid-19, go bhfuil sé róluath fós a rá go bhfuil an víreas imithe ó smacht ach go gcaithfidh daoine a bheith cúramach.

Ag labhairt dó ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, dúirt an Dr Ó Ciardha go bhfuil maisc éifeachtach agus go bhfuil daoine ag fanacht dhá mhéadar óna chéile, ach go gcaithfidh an pobal iarracht bhreise a dhéanamh anois le nach scaipfidh an galar.