Ní bheidh tithe tábhairne sa Tuaisceart ag oscailt arís go dtí tús na míosa seo chugainn - seachas ón Luan seo chugainn mar a bhí beartaithe - de bharr imní faoi fhorleathadh an choróinvíris, a d'fhógair an Chéad-Aire Arlene Foster tráthnóna.

Dála na Poblachta, níl cead faoi láthair ach ag tithe tábhairne a chuireann seirbhís bia ar fáil a bheith oscailte.

Dúirt an Chéad-Aire freisin go mbeidh ar dhaoine maisc a chaitheamh in ionaid faoi dhíon sa Tuaisceart ón Luan. 

Go hoifigiúil, tá uimhir atáirgthe an choróinvíris idir 0.8 agus 1.8, a dúirt sí, ach creideann na saineolaithe gur thart ar 1.3 atá an uimhir i ndáiríre.

Thug Arlene Foster le fios go bhfuil ardú tagtha le gairid ar líon na ndaoine óga a bhfuil Covid-19 tolgtha acu agus go gcaithfear é seo a chur san áireamh.