D'fhógair an Roinn Sláinte tráthnóna go bhfuil cúigear eile básaithe leis an ngalar Covid-19 sa Stát agus go bhfuil 69 cás nua ann.

Is i mí Aibreáin agus mí an Mheithimh a bhásaigh ceathrar den chúigear, a dúradh.

Fágann seo go bhfuil 1,768 duine básaithe leis an ngalar i bPoblacht na hÉireann ó thosaigh an phaindéim agus go bhfuil sé tolgtha ag 26,372 duine. 

In Uíbh Fhailí atá 22 den 69 cás nua, tá naoi gcinn déag i gCill Dara, ocht gcinn i Laois, sé cinn i mBaile Átha Cliath agus idir ocht gcontae éagsúla atá an chuid eile. 

Is fir iad 37 acu agus is mná iad 31 acu. Níor tugadh aon eolas faoin duine eile. Tá 65% díobh faoi bhun 45 bliain d'aois.

Níos túisce, fógraíodh nár taifeadadh aon duine a bheith básaithe de bharr Covid-19 sa Tuaisceart ó inné. Tugadh le fios, áfach, go bhfuil 43 cás nua den ghalar ann, ar ardú mór é ar na deich gcás nua a deimhníodh inné.

Tá 556 duine básaithe le Covid-19 ó thuaidh agus tá sé tolgtha ag 6,049 duine ann.