Tá beirt fhear gafa faoi lear mór hearóine a fuarthas i mBaile Átha Cliath.

Fuair Gardaí agus oifigigh chustaim 22 cileagram hearóine a bhfuil luach €3 mhilliún ann agus iad i mbun fiosrúcháin faoi gháinneáil ar dhrugaí. 

Tá an bheirt fhear, 31 agus 41 bliain d'aois, á gceistiú i stáisiún na nGardaí i mBaile Bhlainséir in iarthar Bhaile Átha Cliath.

Is féidir iad a choinneáil ar feadh suas le seacht lá faoin reachtaíocht a bhaineann le gáinneáil ar dhrugaí.