Tá sé fógartha ag an gcomhlacht meáin shóisialta TikTok go bhfuil siad le mórionad sonraí a bhunú in Éirinn. 

Dúirt duine d'fheidhmeannaigh shinsearacha TikTok, Roland Cloutier, go stórálfar sonraí chustaiméirí Eorpacha an chomhlachta san ionad nua.

Mhaígh sé gur infheistíocht €420 milliún a bheas i gceist agus go gcruthófar na céadta post dá bharr.

Má bhunaítear é, beidh sé ar an gcéad ionad sonraí san Eoraip ag TikTok ar leis an mórcomhlacht Síneach ByteDance é. 

Tá conspóid ag baint le TikTok sna Stáit Aontaithe, áfach. 

Tá sé ráite ag an Uachtarán Donald Trump go bhfuil slándáil náisúnta na tíre i mbaol ag gníomhaíochtaí TikTok toisc gur comhlacht Síneach é.  

Tá Microsoft ag iarraidh ceadúnas TikTok sna Stáit Aontaithe a cheannach ach tá sé tugtha le fios ag Donald Trump go gcoiscfidh sé TikTok sa tír mura mbeidh an margadh déanta faoi cheann sé seachtaine. 

Baineann daoine earraíocht as TikTok le físeáin ghearra a roinnt ar líne. Tá an-tóir ag an aos óg ar an aip.