Tugadh beirt iardhlíodóirí os comhair cúirte i gCorcaigh agus iad cúisithe i gcomhcheilg a bheith ar bun acu calaois a dhéanamh ar roinnt foras baincéireachta.

Cuirtear i leith na n-iaraturnaetha Keith Flynn agus Lyndsey Clarke gur chomhcheilg siad le calaois a dhéanamh ar bhanc an AIB, Bhanc na hÉireann, Bhanc Uladh agus ar fhorais eile airgeadais idir Eanáir 2016 agus Meitheamh 2018. 

Cuirtear ina leith gur chruthaigh sí cáipéisí bréagacha aitheantais agus é mar aidhm acu creidmheas a fháil go mímhacánta ó na forais sin.

Dúradh sa chúirt go bhfuil Lyndsey Clarke, 37 bliain, ag glacadh páirt i scéim fostaíochta pobail faoi láthair agus go bhfuil Keith Flynn, 46 bliain, ag obair mar chócaire. 

Scaoileadh saor ar bannaí an bheirt agus tá siad le teacht os comhair na cúirte arís i gceann ceithre seachtaine.