Dearbhaíodh tráthnóna nár taifeadadh aon duine a bheith básaithe leis an ngalar Covid-19 sa Stát ó inné ach go bhfuil 50 cás nua ann.

Fágann seo go bhfuil 1,763 duine básaithe leis an ngalar i bPoblacht na hÉireann ó thosaigh an phaindéim agus go bhfuil sé tolgtha ag 26,303 duine. 

I Loch Garman atá aon cheann déag den leathchéad cás nua, tá deich gcinn i gCill Dara, sé cinn i mBaile Átha Cliath, cúig cinn i nDún na nGall agus i naoi gcontae éagsúla atá an chuid eile. 

Is fir iad 31 acu agus is mná iad naoi nduine dhéag acu. Tá 81% díobh faoi bhun 45 bliain d'aois.

Níos túisce, fógraíodh nár taifeadadh aon duine a bheith básaithe de bharr Covid-19 sa Tuaisceart ó inné ach tugadh le fios go bhfuil deich gcás nua den ghalar ann.

Tá 556 duine básaithe le Covid-19 ó thuaidh agus tá sé tolgtha ag 6,006 duine ann.