Tá roinnt srianta sóisialta curtha i bhfeidhm arís in Obar Dheathain in Albain ó deimhníodh go raibh ardú suntasach ar líon na gcásanna Covid-19 in áiteanna áirithe sa chathair.

Dúirt Céad-Aire na hAlban Nicola Sturgeon go bhfuil 54 cás nua den ghalar in Obar Dheathain agus gur ráig shuntasach" atá ann. Tuigtear go bhfuil baint ag na cásanna seo le teach tábhairne i lár na cathrach.

D'ordaigh Rialtas na hAlban do gach teach tábhairne agus bialann in Obar Dheathain dúnadh faoi 5 a chlog inniu agus níl cead ag daoine sa chathair taisteal níos faide ná ocht gciliméadar óna dtithe cónaithe. 

Déanfar athbhreithniú ar na srianta i gceann seachtaine, a dúradh. 

Tá na scoileanna le hoscailt arís an tseachtain seo chugainn in Albain.

Dúirt Nicola Sturgeon go raibh sé tábhachtach dul i ngleic leis an ráig in Obar Dheathain láithreach ionas gur féidir leis na scoileanna oscailt arís mar atá beartaithe.