Tá an giúiré i gcás an té atá cúisithe i ndúnmharú an Bhleachtaire-Gharda Adrian Donohoe tosaithe ar a machnamh a dhéanamh ar a mbreithiúnas. 

Phléadáil Aaron Brady, 29 bliain d'aois, as Crois Mhic Lionnáin, Co Ard Mhacha, neamhchiontach i ndúnmharú an Gharda a lámhachadh taobh amuigh de Chomhar Creidmheasa an Tiarnais i gCo Lú i mí Eanáir na bliana 2013.

Phléadáil sé neamhchiontach freisin i suim airgid agus seiceanna €7,000 a robáil ó oibrí sa chomhar creidmheasa an oíche chéanna.

D'iarr an Breitheamh Michael White ar na giúróirí a marana a dhéanamh ar an gcúis robála roimh an gcúis dúnmharaithe. 

Dúirt sé leo nár chóir go mbeadh aon bhroid orthu agus iad i mbun machnaimh. 

Cuireadh abhaile tráthnóna iad agus cuirfidh siad tús leis an bplé arís amárach.