Bhí Uachtarán na hÉireann Michael D Higgins, an Taoiseach Micheál Martin, agus Céad-Aire agus LeasChéad-Aire an Tuaiscirt i measc na ndaoine mór le rá a bhí ar shochraid iarcheannaire an SDLP John Hume i gcathair Dhoire inniu.

Dúirt a mhac John Óg Hume leis an slua a bhí i láthair ag an Aifreann éagnairce in Ardeaglais Naomh Eoghan gur chreid a athair "i bpolaitíocht an ghrá."  

Bhuaigh John Hume Duais Nobel na Síochána in éineacht leis an aontachtach David Trimble sa bhliain 1998 as an obair a rinne siad ar son na síochána sa Tuaisceart. 

Bhí na daoine ag an Aifreann scartha óna chéile de bharr srianta Covid-19. 

Tá duine de chlann mhac John Hume ina chónaí sna Stáit Aontaithe agus ní raibh sé in ann teacht abhaile don tsochraid de bharr na srianta. 

Léigh duine d'iníonacha John Hume agus iarcheannaire an SDLP Mark Durkan na sleachta ón soiscéal ag an Aifreann agus léigh an tAthair Paul Farren, riarthóir Ardeaglais Naomh Eoghan, fáthscéal an tSámaraigh fhónta chomh maith.

Muintir Hume san ardeaglais inniiu

Ina aitheasc adhmholta, dúirt an tAthair Farren gur thug John Hume a bheatha agus a shláinte ar son na tíre agus ar son na síochána, agus gur chreid sé go raibh gach dream chomh tábhachtach lena chéile.

Dúirt sé go raibh go leor daoine nach mbeadh beo inniu murach na hiarrachtaí a rinne John Hume le cinntiú go mbeadh síocháin sa Tuaisceart.

Léigh an tEaspag Dónall Mac Eoin teachtaireachtaí on bPápa, ón Dalai Lama, ó iarUachtarán Mheiriceá Bill Clinton, ó Phríomh-Aire na Breataine Boris Johnson agus ón amhránaí Bono.

Ghabh John Óg Hume buíochas le muintir Dhún na nGall agus muintir Dhoire faoin gcineáltas a rinne siad ar a athair nuair a buaileadh tinn é sna blianta deireanacha dá shaol.  

Ag deireadh an tsearmanais, agus cónra John Hume á tabhairt amach as an ardeaglais, chas an ceoltóir Phil Coulter an t-amhrán cáiliúil a chum sé faoi Dhoire The Town I Loved So Well. 

Adhlacadh John Hume tráthnóna i Reilig Chathair Dhoire ar bhruach thiar an Fheabhail.