Tá Banc na hÉireann le thart ar 1,400 oibrí i rannóga éagsúla a ligean chun siúil.

Dúirt urlabhraí ón mBanc go bhfuil clár iomarcaíochta deonaí seolta acu a bhfuil sé mar aidhm aige an fhoireann a laghdú ó 10,400 go níos lú ná 9,000.

D'fhógair Banc na hÉireann freisin gur chaill siad €669 milliún roimh cháin sa chéad sé mhí den bhliain seo tar éis dóibh €937 milliún a chur i leataobh le caillteanais a bhaineann le Covid-19 a chlúdach.

Baineann cuid mhór de na caillteanais seo, a dúradh, le haisíocaíochtaí morgáiste agus iasachtaí eile a chur ar fionraí. 

Dúradh gur chuir Banc na hÉireann 105,000 aisíocaíocht ar fionraí in Éirinn agus sa Bhreatain ó thús na géarchéime sláinte.