Tá iarcheannaire an SDLP agus buaiteoir Dhuais Nobel na Síochána, John Hume, le cur i gcré na cille i gcathair Dhoire inniu.

Tá Uachtarán na hÉireann Michael D Higgins, an Taoiseach Micheál Martin, agus Céad-Aire agus LeasChéad-Aire an Tuaiscirt Arlene Foster agus Michelle O'Neill i measc na ndaoine mór le rá atá ag an Aifreann éagnairce in Ardeaglais Naomh Eoghan.

D'iarr baintreach John Hume ar an ngnáthphobal gan teacht chuig an Aifreann mar gheall ar shrianta Covid-19.

Tá duine de chlann mhac John Hume ina chónaí sna Stáit Aontaithe agus ní bheidh sé ag teacht abhaile don tsochraid de bharr na srianta. 

Tá duine d'iníonacha John Hume agus iarcheannaire an SDLP Mark Durkan leis na sleachta ón soiscéal a léamh ag an Aifreann.

Is é an tAthair Paul Farren, riarthóir Ardeaglais Naomh Eoghan, a thabharfas an t-aitheasc adhmholta.