Tá sé fógartha ag an Taoiseach tar éis chruinniú an Rialtais le cúpla nóiméad anuas nach bhfuil aon athrú le déanamh ar na srianta atá i bhfeidhm, laincisí atá tar éis tithe tábhairne a choinneáil dúnta le beagnach 5 mhí.

Faoi cheann 3 seachtaine a dhéanfar an chéad athbhreithniú eile a dúirt Micheál Martin.

Bhí súil gur inniu a chuirfí Céim a 4 de mhaolú na srianta i bhfeidhm ach dúirt Micheál Martin nach féidir é sin a dhéanamh ar chomhairle leighis agus i bhfianais an ardú mór atá ag teacht ar an ráta ag a bhfuil an víreas corónach ag scaipeadh.

Tá 3,500 teach tábhairne nach gcuireann bia ar fáil, a bhformhór amuigh faoin tír, ar an bhfaraor géar ó mhí an Mhárta.

Níl aon athrú ach an oiread ar an srian atá ar dhaoine bailiú le chéile. Fanfaidh sé mar atá, 50 d'uasmhéid ceadaithe faoi dhíon agus 200 ar a mhéid amuigh faoin aer.

Bhí súil ag lucht leanúna cluichí gaelacha agus spóirt eile go raibh méadú le ceadú inniu ar an lucht féachana a théann ag na cluichí.

Dúirt an Tánaiste go raibh an Meitheal Éigeandála Sláinte Phoiblí (NPHET) ag moladh don Rialtas a bheith cáiréiseach faoi shrianta a mhaolú mar go bhfuil líon na gcásanna nua Covid tar éis méadú faoi thrí le seachtain.

Dúirt Leo Varadkar nach bhféadfaí an phlean atá ann leis na scoileanna a athoscailt faoi dheireadh na míosa a chur i mbaol.

Díol eile suntais go bhfuil athrú déanta ar an Liosta Glas. Tá na tíortha seo a leanas bainte den liosta ag an Rialtas: Málta, An Chipir, San Mairíne, Giobráltar agus Monacó. Beidh ar aon duine a thiocfaidh go hÉirinn as na tíortha nó críocha sin a gcuid gluaiseachtaí a shrianadh go ceann coisíse.

Athrú eile atá fógartha, go mbeidh sé éigeantach ón Luan seo chugainn, an 10 Lúnasa, masc cosanta a chaitheamh i ngach siopa.