Níl tuairisc faighte ag an Roinn Sláinte inniu ar aon nduine sa mbreis a bheith básaithe le Covid a 19, ach tá 45 cás nua deimhnithe.

1,763 sa n-iomlán atá básaithe leis an ngalar go dtí seo.

26,253 cás atá deimhnithe sa tír le 5 mhí.

I gcásanna an lae inniu, fir 35 acu agus mná an deichniúr eile.

Faoi 45 bliain d'aois atá 77% de na cásanna nua.

I gCill Dara atá 33 de na daoine, agus tá seachtar eile i mBaile Átha Cliath.