Tá eolaithe mara de chuid na hÉireann agus na Spáinne ag tabhairt faoi thogra ar leith le cuntas a dhéanamh ar líon na gcloicheán sa bhfarraige.

I gCuan na Gaillimhe atá an obair ar bun. Tá ceamraí speisialta á n-usáid an chéad uair leis na cloicheáin a scrúdú ar ghrinneall.

Tá an cloicheán ar cheann de na cineálacha éisc is luachmhaire agus is tábhachtaí ag tionscail na hiascaireachta.

Déantar measúnú eolaíoch gach bliain ar líon na gcloicheán sula socraítear cuótaí iascairí.

Ach tá an measúnú lochtach mar nach féidir cuntas a dhéanamh ar an sliogiasc nach dtagann amach as poill i ngrineall na mara agus an comhaireamh ar bun.
Tá faireachtlann ag Foras na Mara i gCuan na Gaillimhe agus sin é an bhunáit atá ag an lucht eolaíochta as an Spáinn agus as Éirinn atá i mbun an togra seo.

Deir Macdara Ó Cuaig, muireolaí le Foras na Mara, gur deis iontach é an togra eolas nua a aimsiú.

Deir sé go bhfuil ceamraí feistithe i 'ngarraí iascaire' le iompar na gcloicheán a thaifeadadh.

Deir Macdara go dtabharfaidh na físeáin léargas ar leith dúinn chomh maith ar idirghríomhú cloicheáin lena ngráthóg.
Suirbhéireacht bhliantúil ar bhonn beag a bhí ar siúl go dtí seo ag Foras na Mara, ach beidh léargas níos fad-téarmaí anois ar chúinsí aimsire agus tionchar eile timpeallachta ar na cloicheáin.

Taidhe tairbheach é d’Éirinn agus sa gcomhthéacs idirnáisiúnta.

Bliain iomlán a mhairfidh an taifeadadh.