Tá teaghlach John Hume tar éis a mbuíochas a ghabháil leis an lear mór daoine a chásaigh a bhás inné leo.

Sólás mór dóibh a deir siad a chloisteáil faoin gcaoi a ndeachaigh laoch Dhoire i bhfeidhm orthu.

83 a bhí John Hume, iar-cheannaire de chuid an SDLP, ar a bronnadh Gradam Nobel na Síochána i bpáirt le David Trimble mar thoradh ar Chomhaontú Aoine an Chéasta in 1998.

Anocht a bheas a thórramh, agus a chorp á thabhairt as Bun an Phobail i dTír Chonaill go hArdeaglais Dhoire.

De bharr na srianta Covid, ní bheidh ceadaí sa séipéal ach na gaolta is gaire dó.

In áit a bheith i láthair, nó a bheith ar thaobh an bhóthair nó na sráide, tá a mhuintir ag iarraidh ar dhaoine coinneal a lasadh ar son na síochána i gcuimhne ar John Hume.