Tá bail sheasmhach anois san ospidéal ar bhuachaill a gortaíodh go dona i dtubaiste bóthair in iarthar Chorcaí inar maraíodh beirt.

San oíche Dé Domhnaigh d'imigh carr de bhóthar Neidín agus chuaigh sí le fána amach in abhainn an Ghleann Ghairbh. Ceathrar a bhí sa gcarr.

Maraíodh an tiománaí Tadhg Murphy a bhí 19, as Both Chearnaigh, An Gleann Garbh.

Maraíodh freisin paisinéir i gcúl an chairr. 40 a bhí Michael Bowen, as Áth an Chíste, Dúras.

Paisinéir eile, fear atá 22, a tharraing an stócach atá san ospidéal, buachaill 17 bliain d’aois, slán as an gcarr. Tá an ceathrú duine sin faoi chúram dochtúra agus é suaite go mór.

Tá fiosrú dlí-eolaíoch den láthair críochnaithe agus an N 71 ar oscailt arís.