Tá an gníomhaí cearta sibhialta agus iar-cheannaire an SDLP, John Hume tar éis bháis.
83 bliain d'aois a bhí sé, agus bhí sé tinn le tamall.
Breathnófar i gcónaí ar John Hume mar phearsa an-tábhachtach i stair na tíre seo, i bhfianaise na n-iarrachtaí gan staonadh a rinne sé ar mhaithe leis an tsíochán a chur cinn ar oileán na hÉireann.
John Hume (ar chlé), Taoiseach na linne Bertie Ahern agus ceannaire Shinn Féin Gerry Adams (ar dheis)
Cuimhneofar go speisialta air faoin ról a bhí aige sa phróiseas síochána sna nóchaidí, as ar eascair Comhaontú Aoine an Chéasta i 1998.
A bhuíochas dhó sin, bronnadh duais Nobel na Síochána air féin agus ar cheannaire an UUP ag an am,David Trimble i 1998.
Iar-cheannaire an UUP, David Trimble a roinn duais Nobel na Síochána le John Hume
Inniu dúirt David Trimble, go raibh 'dlúthchara' caillte aige.
Ar chlár raidió ar stáisiún RTÉ ar maidin, dúirt David Trimble gur léirigh John Hume 'díocas ' i gcónaí agus é ar thóir na síochána, agus 'nár sheas sé riamh siar' agus é ag iarraidh réiteach a fháil ar fhadhb an fhoiréigin i dTuaisceart Éireann aimsir na dtrioblóidí.
'D'éirigh le Comhaontú Aoine an Chéasta' a dúirt David Trimble, 'de bharr gur cuireadh cruth ceart ar an gcomhaontú i dtús ama'.
Bhí John Hume i dteach altranais le roinnt blianta
I gCo.Dhoire a rugadh John Hume in Eanáir na bliana 1937.
Múinteoir scoile a bhí ann i dtús aimsire, agus é sáite i nGluaiseacht na gCearta Síbhialta sna seascaidí.
Bhí sé ar dhuine de chomh-bhunaitheoirí pháirtí an SDLP i 1970, agus ghlac sé ceannaireacht ar an bpáirti sin i 1979.
I 1974, bhí John Hume ina Aire Tráchtála i dTuaisceart Éireann faoi shocrú Sunningdale.
Faraor theip ar an socrú sin, agus fágadh Tuaisceart Éireann báite i bhfoiréigin idir sin agus lár na nóchaidí, gur éirigh le John Hume agus polaiteoirí eile áiteamh ar phoblachtaigh agus dílseoirí sos-comhraic a chur i bhfeidhm.
Bhí John Hume i gceannas ar an SDLP nuair a síníodh Comhaontú Aoine an Chéasta i 1998.
Chaith sé blianta fada freisin mar fheisire i bParlaimint na hEorpa agus i bParlaimint Westminster.
Duais Nobel na Síochána á bronnadh air féin agus David Trimble (ar chlé)
De bharr droch-shláinte áfach, d'fhág sé an pholaitíocht ina dhiaidh i 2004.
I ráiteas a tháinig ó theaghlach John Hume ar maidin, dúradh go n-aireodh siad uathu go mór é, agus go raibh an-chion ag gach duine air.
Maireann beanchéile John Hume, Pat agus cúigear clainne.