85 cás breise Covid-19 atá deimhnithe sa Stát ag an Roinn Sláinte tráthnóna.

Tá duine amháin básaithe le 24 uair a' chloig.

Fágann sin 1,763 básaithe anois sa Stát, agus 26,027 cás deimhnithe.

Baineann 68% de na cásanna le daoine faoi bhun 45 bliain d'aois.

Deir an Príomh Oifigeach Leighis eatramhach, An Dr. Ronan Glynn go mbaineann 18 de na cásanna inniu le monarcha i gCo.Chill Dara.

Tá an mhonarcha anois dúnta agus á scrúdú.