Breis is 17 milliún cás den víreas corónach atá cláraithe anois ar fud an domhain de réir na bhfigiúirí ó AFP.

Áirítear milliún díobh sin a bheith tagtha chun cinn le 4 lá.

Stáit Aontaithe Mheiriceá is measa atá buailte deirtear,4,426,982 cás agus 150,713 duine básaithe dá bharr.

Bhásaigh duine chuile nóiméad ón víreas thall ansin inné, an figiúir is airde ó mhí Bealtaine.

Mascanna á gcaitheamh ag paisinéirí traenach sa Pholainn

Stáit Florida, Texas agus California is mó atá luaite leis an víreas ansin. 

Breis is 90,000 atá marbh ag an víreas sa Bhrasaíl, líon suntasach ard luaite leis an tír sin inné.

Tíortha eile a bhfuil rabharta láidir Covid-19 faoi láthair is ea An Astráil,An Pholainn agus Hong Kong.

An Astráil á bualadh go trom le Covid faoi láthair

6 mhí sa lá inniu a d'fhógair an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte (WHO) gur éigeandáil phoiblí sláinte go hdirnáisiúnta a bhí i Covid-19.

Dúirt an eagraíocht inné go bhféadfadh sé gur daoine óga go príomha atá freagrach as an ardú le deireanaí atá tagtha ar líon na gcásanna san Eoraip.

Tá cruinniú éigeandála aige inniu leis an ngéarchéim a phlé.