Dúirt Aaron Brady leis an bPríomhchúirt Choiriúil ar maidin nár mharaigh sé é an Garda Adrian Donohoe i gCo. Lú i 2013.

Caitheadh an Bleachtaire Garda Adrian Donohoe an 25 Eanáir 2013 agus é ar dualgas ag Comhar Creidmheasa Lordship i mBaile na Lorgan, Co. Lú.

Tá Aaron Brady, 28 mbliana as New Road, Crois Mhic Lionnáin, Co. Ard Mhacha ag pléadáil neamhchiontach i ndúnmharú agus i robáil €7,000 in airgead tirim agus i seiceanna ar an láthair chéanna agus ar an data céanna.

Bhí Aaron Brady ar an seastán sa chúirt ar maidin, ag tabhairt fianaise mar chuid dá chosaint féin.

D'fhiafraigh Michael O’Higgins a abhcóide féin de, ar mharaigh sé Adrian Donohoe agus d’fhreagair Brady á rá nár mharaigh.

Dúirt sé freisin nach raibh páirt aige in aon robáil armtha, ná nár admhaigh sé riamh gur  mharaigh sé Adrian Donohoe.

Bhí Brady ag plé le sciúradh díosail ag clós ar an mbóthar lamháltais i gCo. Ard Mhacha ag an am, a dúirt sé.

Nuair a cheistigh Gardaí Aaron Brady, níor inis sé dóibh faoin sciúradh díosail mar ní raibh sé ag iarraidh a n-aird a tharraingt air sin, a dúirt sé.

D’admhaigh sé gur inis sé bréag do na Gardaí faoi seo nuair a dúirt  go raibh sé i dteach a leannáin idir 7pm agus 3am an mhaidin dar gcionn.

'Ní raibh sé de cheart agam bréag a insint’, a dúirt sé inniu, ‘ach ní raibh baint ar bith agam le dúnmharú an Bhleachtaire Garda Adrian Donohoe’

Shéan sé freisin go ndearna sé faire ar an gcomhar creidmheasa i rith an lae sula ndearnadh an robáil air.

Dúirt Aaron Brady freisin gur 'gealt bréagadóireachta' é Daniel Cahill, fear a thug fianaise ina aghaidh ina thriail dúnmharaithe, agus a dúírt gur inis Brady dó ghur chaith sé Garda in Éirinn.

Tá fianaise tughta ag Daniel Cahill go ndúirt Brady an méid seo leis ar thrí ócáid ar leith i Nua Eabhrac, dhá uair ag teach ósta sa chathair, agus uair eile ag cóisir tí.

'Ní dúírt mé riamh le Daniel Cahill gur chaith nó gur dhúnmharaigh mé aon duine', a dúirt Aaron Brady leis an bPríomhchúirt Choiriúil inniu, 'Is bréagadóir é'.

Tá an cás ag leanúint ar aghaidh.