Tá ardú suntasach tagtha sa chéad sé mhí den bhliain seo, ar líon na ndaoine a gabhadh i nDún na nGall agus iad ag tiomáint faoi thionchar dhrugaí,de réir figiúirí atá eisithe ag an Gharda Síochána.  

130 duine a gabhadh i nDún na nGall go deireadh an Mheithimh i mbliana i gcomparáid le 57 sa tréimhse chéanna anuraidh.

I seachtain amháin i mí Aibreán i mbliana ghaibh Gardaí 9 as a bheith ag tiomáint faoi thionchar drugaí sa chontae.  

Deir Gardaí gur cosc tiomána bliana ar a laghad agus fíneáil suas le €5000 an pionós is féidir a ghearradh ar dhuine a chiontaítear as tiomáint faoi thionchar dhrugaí .

Idir an dá linn, tá sé tugtha le fios ag Gardaí i réigiún Gardaí Bhaile na nGallóglach gur ghaibh siad 4 thar an deireadh seachtaine de bharr iad a bheith ag tiomáint faoi thionchar an óil nó faoi thionchar dhrugaí.  

Thug siad le fios go mbeidh siad ag leanúint dá gcuid aonad seiceála agus d'impigh siad arís ar an phobal gan tiomáint choíche faoi thionchar drugaí nó alcól.