Tá Cumann Peile na hÉireann (FAI) tar éis Leabhar Comhbhróin ar líne a oscailt do iarbhainisteoir fhoireann sacair na hÉireann,Jack Charlton.

Fógraíodh bás Jack Charlton ar maidin inné.

fai.ie/jack-charlton-rip ainm an tsuímh agus féadfaidh daoine a gcomhbhrón a chur in iúl do mhuintir Jack Charlton.

Jack Charlton i ngrianghraf a tógadh 2 bhliain ó shin

Beidh an suíomh beo go dtí an Luan, 27ú Iúil.

Chaith Jack Charlton 10 mbliana ina bhainisteoir ar fhoireann sacair na hÉireann idir 1986-96.