Dúirt an Taoiseach Micheál Martin go raibh an Rialtas fós 'cúramach' i dtaca le saoránaigh a bheith ag taisteal go hidirnáisiúnta.

Bhí sé ag labhairt ar chlár Andrew Marr ar stáisiún an BBC.

'An tír s'againn féin a oscailt arís go sábháilte, sin é a gheobhaidh tús áite' a dúirt an Taoiseach.

Ag tagairt don choróinvíreas a bhí sé, ag rá go raibh cuid mhór éiginnteachta fós ag baint leis agus go mbeadh Rialtas na tíre seo ag plé beartas maidir le taisteal sa tseachtain atá ag teacht.

Brexit: 'An t-am ag sleamhnú go tréan' a deir an Taoiseach

'D'fhéadfadh impleachtaí a bheith aige seo do na haerfoirt' a dúirt sé.

Fógraíodh tráthnóna nach bhfuil aon duine básaithe sa Stát de bharr na haicíde le 24 uair a' chloig anuas.

Tá 17 cás breise áfach aimsithe anseo.

Maidir leis an Bhreatimeacht, dúirt an Taoiseach go raibh breis mionsonraí ag teastáil faoi cheantar na teorann in Éirinn nuair a thagann Brexit i bhfeidhm.

Dúirt sé go raibh an t-am ag sleamhnú thart anois ina thaobh seo.

Dúirt sé freisin go mbeadh sé ag láidriú a chaidreamh le Príomh-Aire na Breataine, Boris Johnson agus an Breatimeacht le teacht i bhfeidhm.