Gearradh téarma príosúin trí bliana ar iarmhúinteoir bunscoile faoi ionsaithe mígheanasacha a dhéanamh ar sheachtar buachaillí leathchéad bliain ó shin.

Ciontaíodh Patrick Harte, 78 bliain d'aois, as Teach Mealóg i mBaile Átha Cliath, i mí an Mhárta faoi na buachaillí a ionsai i Scoil na mBráithre Críostaí ar Shráid Synge idir na blianta 1968 agus 1970.

Phéadáil sé neamhchiontach sna cúiseanna.

Dúirt an Breitheamh Martin Nolan inniu gur sháraigh Patrick Harte an mhuinín a bhí curtha ann mar mhúinteoir agus go raibh a chuid iompair thar a bheith gránna. 

Mhol an breitheamh na híospartaigh faoin misneach a léirigh siad an dlí a chur ar a n-iarmhúinteoir.